Treoracha úsáideora
Físeáin teagaisc
Ceisteanna coitianta
Cá bhféadfainn teacht ar eolas maidir le riachtanais scoile le tuairisciú do thuismitheoirí, agus ar eolas maidir le haistriú daltaí chuig iarbhunscoileanna?
Téigh chuig an príomhleathanach Tuairisciú do thuismitheoirí chun na Ceisteanna Coitianta agus ciorcláin ghaolmhara na Roinne Oideachais agus Scileanna a ndéantar nuashonrú go rialta orthu a fheiceáil.
An bhfuil aon acmhainn bhreise forbartha ag an CNCM chun tuairisciú do scoileanna agus do thuismitheoirí?
Tá. Téigh chuig Acmhainní do scoileanna agus do thuismitheoirí chun teacht ar bhileoga eolais, cártaí tuairisce samplacha agus fiseáin ina gcuireann scoileanna síos ar a scéalta tuairiscithe.
Conas a thugann an Cruthaitheoir Cárta Tuairisce solúbthacht d’ár scoil chun ár gcárta tuairisce féin a chruthú?
Tacaíonn an Cruthaitheoir Cárta Tuairisce le do scoil i gcruthú do chárta tuairisce féin i seacht gcéim shimplí. Ag baint feidhme as an uirlis seo, is féidir leat an clúdach tosaigh a shaincheapadh le sonraí do scoile ina n-áirítear suaitheantas na scoile agus íomhánna eile; ceannteidil tuairiscithe a chur in eagar; athraigh méid na mboscaí insintena; tuairiscíní rátála a chur in eagar; tuairiscíní scóir a chur san áireamh nuair atá torthaí tástálacha caighdeánaithe á dtuairisciú; míreanna roghnacha a chur san áireamh cosúil le 'Tacaíocht foghlama/múinteoireacht acmhainní'; 'Tástálacha eile scoile nó ranga'; agus 'Mo fhoghlaim ar scoil'; athraigh do chárta tuairiscithe saincheaptha am ar bith trí úsáid a bhaint as cód uathúil.
Cad NACH ndéanann an Cruthaitheoir Cárta Tuairisce?
Ní stórálann nó ní chomhroinneann an Cruthaitheoir Cárta Tuairisce na tuairiscí comhlánaithe scoile. Is uirlis í amháin a chabhraíonn le scoileanna an riachtanas le haghaidh tuairiscithe ar dhul chun cinn páiste a chothromú lena riachtanais agus lena roghanna féin.
Cén fáth gur forbraíodh an Cruthaitheoir Cárta Tuairisce?
Forbraíodh an Cruthaitheoir Cárta Tuairisce ag an CNCM mar thaca le scoileanna chun an riachtanas a chomhlíonadh ‘...chun feidhm a bhaint as ceann de na teimpléid cárta tuairisce (CNCM) le haghaidh tuairiscithe do thuismitheoirí ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachtáil na ndaltaí ar scoil’ (Ciorclán 0056/2011 ón Roinn Oideachais agus Scileanna).
Cén áit gur féidir lenár scoil tacaíocht a aimsiú nuair atá an Cruthaitheoir Cárta Tuairisce á úsáid?
Is féidir leis na treoirlínte úsáideora agus na físeáin teagaisc ar an leathanach seo cabhrú leat chun tús a dhéanamh.
Conas gur féidir liom an cárta tuairisce a íoslódáil?
I gcéim 7, cliceáil ar an gcnaipe 'Íoslódáil cárta tuairisce' chun do chárta tuairisce a shábháil ar do ríomhaire. I ndiaidh an chárta tuairisce a shábháil, is féidir leat é a chomhlánú ar do ríomhaire le haghaidh gach páiste agus é a phríontáil amach ansin, nó é a phriontáil amach agus é a chomhlánú le peann.
Más é do thoil é, tarchuir chuig ár dtreoirlínte úsáideora agus chuig na físeáin teagaisc le haghaidh tuilleadh eolais.
Tá fostríoc i seoladh ríomhphoist/láithreáin gréasáin mo scoile m.sh. scoil_ar_bith_1.com. Ní thaispeántar an seoladh ríomhphoist/láithreáin gréasáin seo i gceart i gcéim a 2 den Chruthaitheoir Cárta Tuairisce nuair atáim ag breathnú air ar an leathanach gréasáin. Céard is féidir liom a dhéanamh chun an fhadhb seo a réiteach?
Is minic nach dtaispeántar seoltaí ríomhphoist ná láithreáin gréasáin i gceart i gCéim a 2 den chruthaitheoir cárta tuairisce ar an láithreán gréasáin. Mar sin féin, nuair a íoslódálfar an cárta tuairisce i gCéim a 7, taispeánfar an seoladh ríomhphoist/láithreáin gréasáin i gceart.
Tá deacracht agam ag sábháil mo chárta tuairisce comhlánaithe ar mo ríomhaire. Cad gur féidir liom a dhéanamh?
B’fhéidir nach bhfuil an leagan de bhogearraí pdf atá agat ar do ríomhaire do cheadú chun do chárta tuairisce comhlánaithe a shábháil. Suiteáil isteach an léitheoir PDF NitroPDF atá le fáil saor in aisce ó www.nitroreader.com. Más é do thoil é, tarchuir chuig ár dtreoirlínte úsáideora agus chuig na físeáin teagaisc le haghaidh cúnaimh.
Shábháil mé mo chárta tuairisce ach ní féidir liom teacht air ar mo ríomhaire. Cá ndeachaigh sé?
Brúigh Ctrl J (brúigh agus coinnigh síos an eochair Ctrl agus ansin brúigh J) chun breathnú ar na comhaid atá íoslódáilte agat le gairid. Feicfidh tú liosta na gcomhad agus beidh do chárta tuairisce ag barr an liosta sin. ‘MoChártaTuairisce.pdf’ an t-ainm a bheidh ar an gcomhad.
An bhfuil orm bogearraí NitroPDF a shuiteáil ar gach ríomhaire?
Ní mór NitroPDF a íoslódáil agus a shuiteáil ar gach ríomhaire atá á úsáid chun cártaí tuairisce a líonadh isteach do gach páiste.
Cén áit gur cheart d’ár scoil an cárta tuairisce comhlánaithe a shábháil?
B’fhéidir gur mhaith leat fillteán a chruthú ar do ríomhaire le haghaidh do chárta tuairisce. Ansin, cruthaigh fillteáin le haghaidh gach ranga. Is féidir leis an múinteoir ranga na cártaí tuairisce comhlánaithe a shábháil le haghaidh gach páiste san fhillteán ranga.
Nuair a phriontálaim mo chárta tuairisce, tá taobh amháin bun os cionn. Céard is féidir liom a dhéanamh chun an fhadhb seo a réiteach?
Baineann an fhadhb priontála seo leis an bprintéir atá in úsáid agat. Beidh ort na socruithe a athrú chun a chinntiú go bpriontálfaidh an cárta tuairisce cúl-le-cúl ar bhileog A4 amháin. Téigh go dtí Treoir Úsáideora 2 chun cúnamh a fháil faoin gcaoi do shocruithe printéara a athrú.
An féidir liom athruithe beaga a dhéanamh don chárta tuairisce a chruthaigh mé anuraidh leis an gCruthaitheoir Cárta Tuairisce m.sh. an dáta a athrú?
Ní féidir. Beidh ort cárta tuairisce na bliana seo caite a chruthú arís leis an gCruthaitheoir Cárta Tuairisce. Is féidir leat athruithe a dhéanamh do do chárta tuairisce ansin. Ach ní bheidh ort tabhairt faoin gcéim seo arís má tá uait aon athrú a dhéanamh sa todhchaí. Ina áit sin, cuir isteach do chód uathúil ag Céim 1 chun an cárta tuairisce a shaincheapadh agus a d’íoslódáil tú níos luaithe a oscailt. Taispeánfar do chárta tuairisce sa Chruthaitheoir Cárta Tuairisce agus is féidir leat é a athrú ansin. Tá cód uathúil do chárta tuairisce mar chuid d’ainm comhaid an chárta tuairisce saincheaptha a íoslódálann tú. Mar shampla, tá an cód uathúil PD73CK san ainm comhaid MyReportCard_PD73CK.pdf. Tá cód uathúil ag gach cárta tuairisce a íoslódáiltear.
Conas gur féidir liom sonraí a choimeád slán ar ríomhairí glúine?
Níor cheart go mbeadh sonraí íogaire ag fágáil na scoile ach amháin sa chás go bhfuil sé fíor-riachtanach. Féach ar an suíomh PDST le haghaidh comhairle ar ríomhairí glúine na scoile a choimeád slán.
Cén t-eolas atá ag teastáil uaim ar chosaint sonraí nuair atá cártaí tuairisce comhlánaithe na ndaltaí á stóráil ar mo ríomhaire agam?
Caithfidh scoileanna cloí leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí nuair atá na sonraí pearsanta go léir a bailíodh á mbainistiú agus á stóráil acu. Féach ar www.cosantasonrai.ie agus ar www.education.iele haghaidh tuilleadh eolais.
Cén chaoi ar féidir le scoileanna cártaí tuairisce comhlánaithe páistí a roinnt lena dtuismitheoirí?
Is féidir le scoileanna cártaí tuairisce páistí a sheoladh chuig a dtuismitheoirí tríd an bpost nó trí ríomhphost. Má dhéanann scoil an cinneadh cártaí tuairisce a sheoladh trí ríomhphost, ba cheart a chinntiú …
• go bhfuil cead tugtha ag na tuismitheoirí i scríbhinn cártaí tuairisce a fháil trí ríomhphost. D’fhéadfadh sé a bheith áisiúil an cead seo a iarraidh ag tús na bliana nuair atáthar ag iarraidh cead tuismitheora do chleachtais scoile eile e.g. grianghraf an pháiste a úsáid i bhfoilseacháin scoile.
• go bhfuil seoltaí ríomphoist gach tuismitheoir cruinn.
• go seolfaí na cártaí tuairisce comhlánaithe mar chomhaid PDF leacaithe. De ghnáth, ní féidir comhad PDF leacaithe a athrú nó eagar a chur air. Féach le do thoil ar Threoir Úsáideora 2, Rannán 4, lgh. 8-12 chun tuilleadh eolais a fháil faoi shábháil cártaí tuairisce.
Ba cheart do scoileanna a gcleachtas comhaontaithe chun cártaí tuairisce comhlánaithe páistí a roinnt lena dtuismitheoirí a thaifead mar chuid dá bPolasaí Measúnachta. Éilítear ar scoileanna a chinntiú go gcomhlíonann na bealaí a bhailíonn, a stórálann agus a roinneann siad eolas leis an reachtaíocht um chosaint sonraí.
Céard é comhad PDF leacaithe?
Moltar i dTreoir Úsáideora 2 go sábhálfá an comhad mar Cháipéis PDF ionas gur féidir leat í a athrú níos deireanaí. Ba cheart duit mar sin féin cóip de na cártaí tuairisce comhlánaithe a shábháil mar chomhaid PDF Leacaithe má tá sé ar intinn agat iad a sheoladh chuig tuismitheoirí nó chuig scoileanna eile trí ríomhphost. Ní féidir comhad PDF Leacaithe a athrú go hiondúil. Bí cinnte go bhfuil tú go hiomlán sásta leis an gcárta tuairisce sula sábhálfaidh tú mar chomhad “Leacaithe” é.
Cén chaoi a sábhálfaidh mé an cárta tuairisce mar chomhad PDF Leacaithe?
Cinntigh go bhfuil Nitro Reader íoslódáilte ar do ríomhaire agat.
• Oscail cárta tuairisce comhlánaithe an pháiste.
• Cliceáil ar an roghchlár gorm ‘File’. Tá sé seo ar fáil ar bharr do scáileáin ar thaobh na láimhe clé.
• Téigh go dtí ‘Save as’ ach ná cliceáil é.
• Cuir an cursóir ar an rogha ‘Save As’. Taispeánfar fo-roghchlár. Tabharfar dhá rogha duit: Sábháil mar ‘PDF Document’ agus Sábháil mar ‘Flattened PDF’.
• Cliceáil ar ‘Flattened PDF’.
• Roghnaigh an fillteán ar mian leat an cárta tuairisce a shábháil ann.
• Roghnaigh ainm nua don chomhad. Ba cheart go mbeadh aitheantóir uathúil don pháiste in ainm an chomhaid go hiondúil m.sh. ainm nó ceannlitreacha. Ná déan dearmad go bhfeicfidh an faighteoir an t-ainm comhaid atá roghnaithe agat má sheolann tú an cárta tuairisce trí ríomhphost.